Skip to content
zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Opens in a new window
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tús Áite
News
Irish
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Website
Episodes
Episodes
100
29 July 2026
Tús Áite: Glen Hansard imithe ar shlí na fírinne.
Cailleadh an scríbhneoir ceoil, ceoltóir agus Aisteoir Glenn Hansard i dtimpiste bóthair go luath ar maidin i mBaile Átha Cliath, agus é in aois a 56 bliain, Roinneamar scéalta faoin laoch ceoil le Michael McCormack, Léiritheoir-stiúrthóir le RTÉ agus ceoltóir leis an ngrúpa 'The Mitcheners'.
7 min
29 July 2026
Tús Áite: Spleodar
Is eagraíocht é Spleodar a chuireann cúrsaí Ghaeilge Samhraidh ar siúl i láthair éagsúla i gConamara maraon le clubanna i rith na bliana ar fud na tíre chun an ghrá a chothú don Ghaeilge sna hógánaigh. Labhair muid faoi le Rita Ní Dhomhnalláin, Leas-Stiúrthóir Spleodar i Leitir Mór, agus Aoife Ní Chartún, Cúntóir i Leitir Mór.
8 min
29 July 2026
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Scéalta móra nuachta á phlé, ina measc: Glen Hansard caillte, Tragóid an Chraoisligh, Athrú Aeráide, agus Baol chiorruithe foirne Boston Scientific. Iad sin ar fad á phlé againn le Painéal Nuachta: Gormfhlaith Ní Thuairisg, Craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus le Maitiú Ó Coimín, Iriseoir le Tuairisc.ie.
23 min
29 July 2026
Tús Áite: 29 Iúil 2026
Michael McCormack (léiritheoir stiúrthóir RTÉ agus ceoltóir le 'The Mitcheners'); Liam Ó Maonlaí (ceoltóir, amhránaí 'Hothouse Flowers') Gormfhlaith Ní Thuairisg (Craoltóir le RTÉ RnaG); Maitiú Ó Coimín (Iriseoir le Tuairisc.ie); Rita Ní Dhomhnalláin (Leas-Stiúrthóir Spleodar i Leitir Mór); Aoife Ní Chartún (Cúntóir i Leitir Mór).
45 min
28 July 2026
Tús Áite: Tumtha: Scéal na gColáistí Ullmhúcháin in Éirinn
Sa bhliain 1926 a tháinig na coláistí ullmhúcháin ar an bhfód. Ceapadh iad chun dul i ngleic le ganntanas múinteoirí a bhí líofa sa Ghaeilge trí neacha léinn inniúla a ullmhú do na coláistí oiliúna oideachais. Phléamar an clár nua seo le Máire Begley agus Seán Ó Ciarba, Iardhaltaí na gColáistí Ullmhúcháín agus cuiditheoirí sa chlár 'Tumtha'.
11 min
28 July 2026
Tús Áite: Feile Bronntanas 2026
Ó 25-27 Meán Fómhair beidh Leabharlanna Comhairlí Contae Bhaile Átha Cliath uillig, i bpáirt le Gaeilge365 ag óstáil féile nua a cheiliúrann na féidearthachtaí a chruthaíonn an Ghaeilge do theaghlaigh. Labhair Aonghus faoin bhféile le Éabha agus Caoimhe de Búrca, Cúpla sna déaga ag imirt ar fhoireann Sinsir pheil na mBan leis Na Gaeil Óga.
3 min
28 July 2026
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Scéalta móra nuachta á phlé, ina measc: Cruinniú Martin agus Mertz, Cruinniú idir Trump, Netanyahu agus Zelensky, agus Cúnamh de dhíth ó scoileanna ar mhaith leo tabhairt faoin nGaeloideachas. Iad seo á phlé le Cuan Ó Seireadáin Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Emmet Ryan, Saor-iriseoir.
18 min
28 July 2026
Tús Áite: Mír Cartlainne
Tá céad bliain ann ó thosaigh RTÉ ag craoladh, agus in imeacht na mblianta sin tá cartlanna móra saibhre cnuasaith ag RTÉ. Tabharfaidh Ian Lee, Iar-Léiritheoir le RTÉ, ar thuras muid tríd cuid d’ábhar na gcartlanna sin, agus na seoid atá iontu a roinnt linn.
10 min
28 July 2026
Tús Áite: 28 Iúil 2026
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Emmet Ryan (Saor-iriseoir); Máire Begley agus Seán Ó Ciarba (Iardhaltaí na gColáistí Ullmhúcháín); Éabha agus Caoimhe de Búrca (Cúpla sna déaga ag imirt ar fhoireann Sinsir pheil na mBan leis Na Gaeil Óga); Ian Lee (Iar-Léiritheoir le RTÉ).
45 min
27 July 2026
Tús Áite: 27 Iúíl 2026
Tammy Ní Laoire (múinteoir Fraincíse i gColáiste Cholmcille, Indreabháin); Muiris Ó Cearbhaill (Comhfhreagraí Polaitíochta le The Irish Daily Mail); Liam Mac Amhlaidh (Ollamh Comhlach le Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad); Máirín Hurndall (Tráchtaire agus Craoltóir le Raidió Fáilte).
44 min